Tar éis tamaill i San Francisco agus in Oakland b’éigean dó dul go Arizona i Márta 1895. Chaith sé tamaill i Tucson, i Yuma, i Flagstaff, agus i ndeisceart California, ach is i sanatóir i Prescott, go hard i sléibhte Arizona, is minice a bhíodh sé. D’éirigh sé as a phost i Maigh Nuad 23 Iúil 1896 agus fuair pinsean. An mhí dár gcionn chuir sé in iúl don Chonradh gurbh fhearr dóibh duine in Éirínn a cheapadh ina leas-uachtarán ach ní ghlacfadh siad lena thairiscint.

Lean sé air ag scríobh litreacha chuig a chairde go léir agus ag scríobh alt d’irisí mar Irish Ecclesiastical Record, The Irish World, Catholic University Bulletin, Weekly Freeman, Donaghoe’s Magazine.... Ceann díobh. ‘The Muls and the Gils’, a spreag spéis an Athar Woulfe sna hainmneacha pearsanta. Deirtear gurb é a scríobh an dráma The Passing of Conall (Imtheacht Chonaill) a léiríodh ag Aonach Thír Chonaill 18 Samhain 1898.

Meán Fómhair 1903. Stop an tsochraid i San Francisco, Chicago agus Nua-Eabhrac agus bhí searmanas agus seanmóir i ngach áit díobh. An Campania a d’iompair na taisí go hÉirinn. I mBaile Átha Cliath 27 MChuaigh sé go California ag iarraidh cóir leighis i ndeireadh Iúil 1899 agus d’éag i Los Angeles ar 18 Deireadh Fómhair 1899. Cuireadh ansiúd é. Litir a scríobh Labhrás Branóg ar 23 Samháin chuig The Irish World a chuir tús leis an bhfeachtas chun an corp a chur abhaile go hÉirinn. Tógadh é aníos as an uaigh 2 eán Fómhair 1903 bhí an tsochraid go Maigh Nuad ar cheann de mhórócáidí stairiúla na linne. Cuireadh é in uaigh sealadach i Maigh Nuad. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 11 Márta 1905 gur cuireadh é i mausoleum nua i Maigh Nuad ag searmanas príobháideach i mí Feabhra.

Bhí a dheartháir Pádraig ag cruinniú tionscnaimh Shinn Féin in 1905 (Seán Ó Lúing, Art Ó Gríofa, 1953) agus bhí sé ina chaptaen ar na hÓglaigh i gContae na Mí (Liam Skinner, Politicians by accident).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Sonraí ríomhaireachta: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=517&xml=true